School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 423
- XML “Seanphaidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana PhaidreachaA Mhic Mhuire na nGrást do cuireadh chun báis,
Is d'fhulaing an bás pheannaideach,
Do cheannuig síol áimh le h-allus do cnámha
Fuil agus cneadha dearga.Freagair mé a ghrádh, beir m'anam i dtráth
Go Parathas lán gradhamach,
Ag caitheamh an tsóláis fhada dhíl bhreágh
Idir Asboil is Ard Aingealaibh.Freagair mé a Chríost, mo chara mo chroidhe
An charraig seo im' chroidhe corruig í,
Is óm'dhearcaibh leig síos srutha aithríghe
Go mbéarfas go crích flaithis mé.Mar is peacach mé a bhí sgannalach síor droch bheartach fíor mhalluithe,
Mo bheart ar an saoghal cealgach claon
Gangaireacht baoth do mhaitheamh dom.Níl le rádh, ach gainimh ar thráigh
Ná drúcht ar bharr lasrach
Na peaca le suim ar m'anam fóiríor
Ceangailte im' chroidhe cealgaithe.(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Ághas
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry