School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 211
- XML “Na Sióga ag Troid sa Lios”
- XML “Saighdiúir na Cúlach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní fúláir nó go raibh aithne aige ar an bhfear a ráidh is go raibh a ainm aige. Do ghlac sé a chomhairle, d'imthig sé leis abhaile agus níor bhac sé le na chapall. Nuair do shrois sé an baile chualaidh sé glaodhach an choilig. Thóg sé an leabaidh agus d'fhan sé ann ar feadh mí. Ní gádh a rádh gur chreid sé feasta ins na Púcaí.
Saighdiúir na Cúlach. Bhí fear de mhuinntir Ghribhthín 'na chómhnuidhe i gCúil in aice Abha-na-scáil timcheall le naochadh bliain ó shoin. Chaith sé tamall san Arm Ghallda ach d'éaluig sé abhaile go dtí na dhritheair. Bhí na saighdiúirí á lorg ar feadh leath bhliadhna ach ní fhéadfaidís teacht suas leis i bpoll ná i mbearnam. Bhí dachad saighdiúirí mór dtimcheall air uair ach do theip ortha é do ghabháil. Nuair a theigheadh sé a chodladh ist oidhche do thugadh sé dhá dhorn siuicre a bhreith leis chun a bhéal do choimeád tais t'réis cursaí an lae.
Bhí sé lá ag dul an Daingean agus thárlaig na saighdiúirí leis ag Crosaire an tSagairt. Bhíodar gabhtha gleasta in arm's in éide agus a gcapaill acu.Ag siubhal a bhí seisean ach bhí arm teine aige. Dubhradar leis go raibh beirthe acu air sa deire ach de phreib do dhírig sé - Bhí fear de mhuinntir Ghribhthín 'na chómhnuidhe i gCúil in aice Abha-na-scáil timcheall le naochadh bliain ó shoin. Chaith sé tamall san Arm Ghallda ach d'éaluig sé abhaile go dtí na dhritheair. Bhí na saighdiúirí á lorg ar feadh leath bhliadhna ach ní fhéadfaidís teacht suas leis i bpoll ná i mbearnam. Bhí dachad saighdiúirí mór dtimcheall air uair ach do theip ortha é do ghabháil. Nuair a theigheadh sé a chodladh ist oidhche do thugadh sé dhá dhorn siuicre a bhreith leis chun a bhéal do choimeád tais t'réis cursaí an lae.
Bhí sé lá ag dul an Daingean agus thárlaig na saighdiúirí leis ag Crosaire an tSagairt. Bhíodar gabhtha gleasta in arm's in éide agus a gcapaill acu.Ag siubhal a bhí seisean ach bhí arm teine aige. Dubhradar leis go raibh beirthe acu air sa deire ach de phreib do dhírig sé(continues on next page)