School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 248
- XML “Liosanna”
- XML “Baile Fearainn - Min Aird Thiar”
- XML “Baile Fearainn - An Eaglais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i bhfuirm croise ann-- í clúdaighthe le chré anois, agus do reir na seandaoine do n-ofráiltí Aifrionn sa lios seo in aimsir na bPéin Dlighthe.
- Baile Fearainn ---Mináird Thiar.
1: Lios Ráth an Óir: Ar thalamh Bean P. Uí Shuilleabhain. Timcheall le leath mhíle soir ó dheas ó Lios an Cheóil. Cuma cruinn - an bóna tóghtha le chré. É lán do sceacha agus raithineach. Deirtear go bhfuil Ciste Óir i bhfholach ann ach ní leighfeadh eagla d'aoinne dul a lorg.
Bhí cailíní ag priocadh sméara dubha lá na blianta ó shoin agus agus níor stad duine acu gur chuaidh sí isteach sa lios 'á gcnuasach. Taréis teacht abhaile dhi buaileadh breoidhte í agus is ag dul in olcas a bhí sí i n-aghaidh an lae. Cuireadh fios ar an sagart agus is air a bhí an t-iongantas nuair a chonnaic sé seanbhean caithte liath sa leabaidh in ionad chailín óig. Taréis an Ola Dhéanach do chur uirre dubhairt an "iarlais " mar is iarlais a bhí ann, go gcuirfeadh sí abhaile an cailín óg a bhí sa lios.- Informant
- Bean P. Uí Dhubháin
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Baintreach
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry
- Baile Fearainn-- An Eaglais:
1: Tá lios mór i bpáirc Shéamuis Uí Phrindibhil ar an Eaglais. Tá sé cúpla chéad slat ó thuaidh ó "Lios Ráth an Óir". An déanamh céadna air. Deirtear go bhfheictí soillsí ann fado.(continues on next page)