School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 293
- XML “Paidreacha”
- XML “Comhrá na mBithiúnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus tógaidh sinn go h-árd, mar a bhfuil bantracht Muire, go bhfeicimís Rí na nGrást,
Íosa fuair aoisbirt Dia hAoine ar chrann,
Agus do leigeadh do ghéaga leat síos go fonn,
Réithleann na maodharga fém' cheann,
A Dhia ghléigil tair taobh lem' chroidhe agus fan ann. - Cómhrádh na mBitheamhnach
Eibhlín, bean Uí Shuilleabháin, Mináird ThoirBhí sagart ag dul ar ghlaodhac breoidhteachta fadó nuair bhuil scata bitheamhnach leis. Stopadar é agus dubhradar leis a chuid airgid a thabhairt dóibh nó go mbeadh a anam acu. Dubhairt sé ná raibh aon airgead anois aige ach aga a thabhairt do go raghadh sé abhaile agus go gcuirfeadh sé a bhuachaill aimsire ag triall ortha le gach pingin airgid a bhí sa tig aige. Tréis dul abhaile dho bhailig sé chuige a raibh d’airgead aige, scríg sé síos an chainnt seo leanas, agus chuir a bhuachaill aimsire leo go dtís na gaduidhte:-Comhairle a bheirim díbh gan chealg óm’ chroidhe
A ghasradh ghrinn an éachtaig,
Stadaidh feasta de’n olc ‘tá le fada bhur lot
Is leanaídh an tóir naomhtha,
Féachaidh cé thriall ar imthigh rómhaim riamh(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry