School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 264
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dathu:
Chun an plainnín bán do dhathú i gcóir chotaí na mban agus araile do bheirbhíghdis (i) preamhacha na sceach, (ii) an samhadh (sorrel) nó cúnlach áirithe a bhíodh ag fás ar chlochaibh (stuif bán). Bheirbhíghdís na h-éadaighe ins an uisce sin agus thugadh sé dath donn do'n eadach. Thógaidís amach an t-éadach agus chuiridís coprus nó logwood san uisce. Bheirbhíghdís na h-éadaighe airís ann agus nighidís go maith iad t'réis iad do thógaint amach. Bhíodh dath dubh ar an éadach ansan agus deirtear go gcoimeádfadh sé an dath gan feodhadh go deo.
Do chuirtí an dathú ar an mbréid mar an gcéadna.Teadáin Ruaimnigh:
Dheinídis téadáin fadó as maing nó earball capaill nó bó. Do thairringídís as a chéile gach ribe de agus leigidís é chun téadáin a dhéanamh de. D'fhágaidís i gcrúcán é go luighfeadh sé ar a chéile ar feadh seachtmhaine. Ansan do dhúblaighdís is do chasaidís é agus bhíodh téadáin ruaimnigh acu. Bhíodh ana stuif ar fad ins na téadáin sin agus do sheasuighdís ar feadh na mblianta. Deintear fo-cheann díobh fós san áit seo. Tá fear ar an Mináird Thiar , Tomás Ó Dúlaing agus usáideann sé ceann diobh fós chun ualach feamanaighe do cheangailt sa chairt.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 94
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry