School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 445
- XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bean de Mhuinntir Donnchadha ab'eadh í seo, agus máthair an chailín do lean an Muircheartach anall ó Ghleann Beithe go Ceann Árd.Thárla, tamall 'na dhiaidh sin go dtáinig Siobhán ag lorg a h-inghine. Fuair sí tuairisc sa deire go raibh sí i gCeann Árd. Bhí sí ag tarrac ar an áit sin agus dá chapall bhána fá'n gcóiste aici.Bhí an galar uathbhásach san an Cholera go fóirleathan i gCorca Dhuibhne an uair céadna. Bhí na bailtí leanas - Ceann Árd, Tobar na mBudan, Fotharach, Cam a' Lonndraig agus Áth a' Charabail - saor ón aicíd, mar bhíodar fá thearmain Naomh Fhionáin go bhfuil a thobar beannuighthe i mbaile fearainn Chinn Áird, agus bhíodh daoine ag bailiú isteach 'sna bailtíbh sin chun go raghaidís saor uaidh. B'é treo go dtáinig Siobhán fé dhéin Chinn Áird ná tré Dúnsíon aniar. Bhí an galar 'na fhuil aici sar ar srois sí an Tráigh Bheag. Fuair sí bás ar an dtaobh thiar de'n dtráig agus is ann a cuireadh í. D'á n-eireochadh léi gabhail thar an abhainn a ritheann tríd an dtraig nuair a bhíonn an tráig ann bheadh sé saor ó ghalar. Tá leac mhór fada os cionn a h-uaighe ar imeall na trágha agus cross gearrtha uirthe - "Leac Shiobhán na nGreimhleach."Deineadh cúpla iarracht ar an lic d'aistriú ach fuairtheas í san áit chéadna maidion lár na bháireach. Bean ana naomhta do bheadh Siobhán, agus thug sí ana chabhair do na bochtaibh i rith an droch-shaoghail.
Micheál Ó Cinnéide, Na Dúnta, Liospóil- Informant
- Micheál Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Dúnta Thoir, Co. Kerry