School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 221
- XML “Scéal - Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal---Sidheóga.
Bhí bean 'na cómhnuidhe i nGleann na Mináirde céad bliain ó shoin agus Clára a h-ainm. Bhí amhras ag muinntir an bhaile uirthe go mbíodh sí in éinfeacht leis na daoine maithe isd oidhche, mar do bhíodh sí traochta amach gach maidion agus a cuid éadaig smeártha slach, ach ní admhóchadh sí féin go raibh aon bhaint aici leis na Pucaí. Oidhche amháin do bhraitheadar imthighthe í, agus bheartuigheadar go bhfanfaidís ag faire uirthe gach oidhche eile.
An tarna oidhche d'fanadar ag faire uire ach má seadh níor tháinig sprid ná púca an oidhche sin mar bhí fhios acu go raibh daoine ag faire ortha. An triomhadh oidhche d'fhanadar ag faire ach do thuit a gcodladh ortha agus bhí sí imthighthe nuair a dhúisigheadar. Ghlaoidh fear a' tighe ortha agus dubhairt i gcogar leo go raibh sé in am acu dul a chodladh mar ná imtheochadh sí in aon chor anocht. Cheap sé sin go raibh sí 'na sámh chodhladh ach nuair d'innseadar do go raibh sí imthighthe cheana b'shin é an uair a tuigeadh do gurb' í sin a chualaidh sé ag cainnt roimis sin. 'Sé an rud a dubhairt sí ná ná féadfadh sí dul in aon chor anocht mar go raibh sí traochta amach gan codladh(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Ghearailt
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry