School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 229
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí lanamha ann fadó agus bhí aon bhó amháin acu. Siobháinín agus Domhnaillín ab'ainm dóibh. Lá amháin nuair a bhí an fear ag dul chun oibre dubhairt sé le na mhnaoi paiste féir d'fhághail don mboin. Nuair a bhí sé imthighthe chuaidh an bhean amach féachaint an bhfhaghadh sí aon áit go raibh féar maith ag fás ann. Bhí ana chuid féir anáirde ar an dtig agus chuir sí an bhó anáirde ann. Do chuaidh an bhó síos tré dhíon an tighe agus marbhuigheadh í.Nuair a tháinig Dómhnall abhaile é dubhairt sé le na mhnaoi an bhó a chur i gcoiméad agus go gcuirfidís cuid de ag beiriú in éinfeacht le cabáiste. Agus é imthighthe ag obair an tarna lá cad a dhein Siobháinín ach an bhó do ghearradh suas agus í a chaitheamh amach sa gharraidhe mar leasú ar an gcabáiste. Nuair a tháinig Dómhnall abhaile d'iarrsé ar Shiobháinín píosa den bhfeoil a thabhairt do, ach dubhairt sise leis gur chaith sí amach é mar leasú ar an gcabáiste.Dubhairt Dómhnall go rabhadar briste anois agus go raibh sé chómh maith acu bheith ag imtheacht, Lár na bháireach d'imthigheadar leo. Sar ar fhágadar an tig dubhairt Dómhnall le Siobhán(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ó Núnáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry