School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 116
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall fiche blíadhna ó shin bhí beirt inghín álúinn ina gcómhnuidhe i gCaipeachtna cúpla míle ar an dtaobh ó thuaidh do Ghleann-Garbh. Dómhnall Líath a b'ainm dá h-athair ach leas ainm do b'eadh é sin Dómhnall Ua Súileabháin a ainm cheart. Gach lá théicheadh an bheirt cailíní go dtí an portach fé dhéin mála móna. Bhí abha mhór in-aice an phortaigh. Mí Márta do b'eadh é agus thárla go raibh tuille san abhainn. Bhíodar ag tríall chun dul treasna ach do theip ortha. Fé dheire do shleamhnuigh duine acu isteach agus ní féidir léi teacht amach. Nuair a chonnaic an chailín eile í istigh agus nuair nách féidir léi í a thabhairt amach do chaith sí í féin isteach ina díaidh agus do bádhadh an bheirt acu. Bhí an oídhche ag tuitim agus ní rabhadar ag teacht abhaile. Fé dheire do chuaidh a n-athair ag tríall ortha agus fúair sé iad istigh san abhainn agus iad báidhte. Do tugadh abhaile iad agus do cuireadh iad agus tá a máthair 'na beathaidh fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhathghamhna
    Gender
    Female
    Address
    Coolieragh, Co. Cork
    Informant
    Séamus Ua Mathghamhna
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Coolieragh, Co. Cork