Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Derreenacarrin, Co. Cork
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó fadó théigheadh na fir go léir ó'n áit seo go Tiobraid-Árann ag baint na bprátaí.
    Bíodh na prátaí chómh mór an uair sin nách raibh aon fear ábaltha ach sé prátaí do bhaint amach sa ló. Bhí fear ann agus bhí páirc mór de phrátaí aige agus ní féidir leis iad a bhaint. Do chuir sé ráfla amach a rádh go dtabharfadh sé £12 do aon fear a baineadh dosaon prátaí sa ló. Chuala na daoine go léir an ráfla i gCúighe Múmhan agus do thriall mórán acu ach do theip ortha.
    Do chuaidh fear ó Eadragabháil ann agus d'eirig leis dosaon prátaí do bhaint amach sa ló. Annsan dubhairt an fear leis an pháirc go léir a chriocnú. Do dhein sé amhlaidh agus do bhain sé iad go léir i dtrí mhí. Bhí a ainm i n-áirde ar fuaidh Cúighe Múmhan i dtaobh a laochais agus fuair sé spárán mór airgid ó'n bhfear.
    Do tháinig sé abhaile annsan agus bhí spárán airgid agus rán aige. Nuair a bhí sé chómh fada le Corcaig do casadh ainmhidhe éigin air agus cheap sé go dtabharfadh sé tamall de'n bhóthar é. Do chuaidh sé ag marcuigheacht air agus cé bheadh ann ach an púcha. Do chuaidh sé tríd cnocaibh agus gleanntaibh lochaibh agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Mathghamhna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Coolieragh, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Mathghamhna
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    Coolieragh, Co. Cork