Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 161](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0280%2FCBES_0280_161.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 161
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 161
- XML “Leigheasanna”
- XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an Tráigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faitinní. Nuair a chuiridís gearradh 'na láimh fadó is amhlaidh a chuiridís lán a dhorn do shallan garbh chun an nimh a bhaint as
Dá mbainfead cat nó madara greim as aoine is é an rud a dheanfaidís ná cuid de'n fionnadh do bhaint de agus é dhóigh 'na phúdar annsan é sin a chur leis an gearradh. - Tá dhá saghas feamhnac ag fás ins an bhfairrge, feamhnac dubh agus feamhnac dearg. Múr a thugann síad ar an bhfeamhnach dearg. Tá mórán saghas eile ag fás ann leis mar miobhán, triopán agus cairrigín mas. Tá rud eile ag fás ann agus meigilín na gabhar a thugann síad air agus ní h-aithnuigheann mórán daoine é ón gCairrigín-mas, is dabharachach le céile íad. Tá feamhnac dubh ana úsáideach chun gáirdín do leasúghadh. Tá múr go maith chun leasúghadh leis agus ta leigheas air do réim chómh maith. Beireann síad na préamhacha de go dtí go mbíonn sé bog annsan ceimíluigheann síad an t-uisce de'n réim. Deintear lán de'n Mhúr leis. Tá leigheas ar an uisce a bheiruigheann an miobhán tirm air do leanbhaí a bheadh píastaí ortha. Tá sé folán do gach aoinne chun é ithe. Tá leigheas ar Cairrigin mas do dhuine a bheadh trioblóid ar a h-ucht.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Súileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Tooreennagrena, Co. Cork