School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 050
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Leith-choill go Beanntraighe. Thugidís móin ann dhá uair sa ló go minic agus deiridís go mbheadh an lá loitighthe acu dá dthéighidís ann acht aon uair amháin. Ní ghoillfeadh fuacht ná fliuchara ná breóiteacht fhairrge ortha seachas na rudaí atá ar fuaid an bhaile anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fadó fadó bhí beirt fhear in Deirelocha agus bhidís ag baint feamanach in Oileán Gháirnais agus bhídís á dtabhairt chun Deirlocha. Lá amháin chuadar ag baint feamanach agus nuair a bhí an bád lán acu thomáineadar leó cois Calluigthe siar. Nuair a bhíodar cómh fada le Pínte Mháis bhí an bád ag oscailt leis an ualach mar ba sheanna bád í. Ana snámhaidhe do bheadh duine acu agus ní fhéádfhadh an tarna duine aon snámh a dhéanamh. Thiomuig an snámhaidhe mhaith fé'n uisce agus bhí sé ag cur téad tímcheall an bád chun í choimeád le chéile agus le na línn sin do bádhadh é " Slán mar a n-innistear é ". An té ná féádfadh snámh shálorthuig sé é féin go dtí an faill agus chuaidh an t-seana bád síos.

    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Léith-choill
    Eadragábhail
    Fuaireas iad ó m'athair
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    English
    Collector
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Leahill, Co. Cork
    Informant
    Mícheál Ua Cruadlaoich
    Gender
    Male
    Age
    46
    Address
    Leahill, Co. Cork