School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 214
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Coinigéar Lane (Lanesborough)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá abha mhór i gcoinigeár láne (?) agus deintear úasáíd aisti mar theóra idir a lán feirmeacha. Is mó sceál greannmhair a innistear mar gheall ar an abhainn seo. Is féídir le daoine dul treasna na h-abhann ag an gcisígh 'na bhfuil carraig mhór sáidhte isteach go daingean sa talamh. Tá dealbh áit ins an gcarraig céadna agus ní féidir daoine ná daonaí cor a bhaint aiste. Bíonn dóib ghorm 'na timcheall i gcomhnaidhe. Carraig draoidheachta is eadh í do réir tuairim na ndaoine sa chomharsanacht.Do theasbáín leipreachán é féín ann go minic ó am go h-am agus, mar is gnath leis é i gcomhnaidhe an-ghnothach ag deisiú bróíge. Is mó iarracht a deineadh chun greim do chur air ach do theip ortha go léír. Sprid cliste is eadh é mar do réír an dheallraimh is féidir leis teacht slán as gach deacaireacht agus sin í an adhb. Ní fheaca éinne an leipreachán anois le cúig bliadhna deag. Is minic a theasbáin sé é féín go dtí san.Ba dhóígh leis na sean-daoine gur stad an bogha baistighe os cionn na carraige seo agus go raibh pota óír curtha i bhfolach fuithi. Do chuaidh fear uair an mheadhon oidhche chun an charraig do bhriseadh le púdar. Bhí sé ar tí leasán a chur leis an bpúdar nuair do theasbáín an leipreachán é feín dó. Do thug sé comhairle a leasa do. Dubhairt go marbhochthaí an fear ins an bpléísg dá mb' rud é go gcuirfeadh sé leasán leis an bpúdar agus annsan cad é an mhaitheas do bheith(continues on next page)
- Informant
- Seamus Mac Ginnáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballyleaan, Co. Clare