School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 4) Rath Leac na SionnachDo dhein fear i Leac na Sionnach taidhbhream aon oidhche go raibh croca óir curtha i bhfolach ins an rath i Leac na Sionnach. D'innseadh do dul gá lorg uair an mheadhon oidhche agus a bheith aireach nach chífeadh aoinne é ar an mbealach. Dubhradh leis dá chífeadh aoinne é agus é ag dul ar an mbothar nár fhéadfadh sé an t-ór d'aimsiú.Bhí comharsa na chomhnaidhe tamall beag uaidh agus bí madra an olc aige. Nuair abhí fear an thaidhbhreamh ag dul thart do thosnuigh an madra ag tafan. D'fheach an fear gur leis an madra amach tríd an bhfuinneóig chun a dhéanamh amach fath an thafáín. Do chonnaiceadh an fear annsan agus d'iompuigh sé thar nais abhaile.
5) Dún in Luis Corcair = Carrghlais (?)Bíonn connghlais ag fás go fluirseach ins an oileán sin: sin é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air. Tá dún ins an oileán sin, tamall beag ó thigh chomhnaidhe 'na mbíodh sealbhathóir an oileáin agus a chlann na gcomhnaidhe fadó. ( aire (?) atá na chomhnaidhe ann anois). Tá bóthar tirim ag dul isteach san oileán san, nuair a bhíonn an taoide amuigh agus annsan is féidir le duine siubhail treasna an bhóthair.Aon mhaidean bhí an lion-tighe ag ithe a mbreicfeasta, nuair do bhuail duine ag an ndoras. Nuair d'oscaileadh é(continues on next page)- Informant
- Connor Mac Eochaidh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare