Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa bhliadhain 1920 bhí na Sinn Féíneig ag troid ar son na h-Eireann. Sin é an t-am a raibh saighdiúirí Shasana in Eirinn darbh ainm na Dubh-Crónaigh.Bhí ár dteaghlach suidte inaice le Baile na Caillighe darbh ainm Dún an Fheargus agus ba leis tighearna talmhan darbh ainm Major Ball (?) é. Do shioltuigh Ball ó na Gaill nidh nach iongnadh agus chaitheadh sé an chuid is mo dá shaoghail i Sasana. Bhí eagla ar na daoine go gcuirfeadh na Dubh Crónaigh fútha inDún an Fheargus agus do dóigheadar an tigh. Do shabháíleadar trosgán an thighe.Ní fhuair Major Ball aon cúiteamh as mar ní fhuigheadh sé geallamhaint an tigh do thógaint arís. Nuair do thánaig an Socrú d'imthigh sé as an dtír ar fad. Díoladh an talamh dhísle (?) leis na sealbhathóíribh timcheall deich mbliadhain ó shoin.
2. Cúpla bliadhain o shoin do chuaidh tigh feirmeóra tré téíne i Lean-a Cúil inaice le Cill-an-Disirt. Do chuaidh an feirmeóír ar bhárr an chinn ag iarraidh é do shabháíl. Do thuit sé isteach sa teine agus dóígheadh é féín agua an tigh.3. Bhí fear darbh ainm Seán do Bhróín na chomhnaidhe sa Droichead Cill-an-Díirt. Do las coinnlí na Nodlag a thigh. oidhche Nodlag agus ní fuaireadh ach a chnámha ar maidean.