School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 257
  3. XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine in Éirinn Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa bhliadhain 1847 do chuir riaghaltas Shasana óspidéal sealadach ar bun ar fuaidh na tíre. Bhí ceann aca san i gClifton in aice le Cill-an-Díirt agus thagadh daoine ó gach áird chuige i gcóír bidh agus leighis.
    Bhí fear bocht aosda ag triail chuige agus nuair a thánaig sé chomh fada le crosaire an Chalaidh thánaig tuirse an mhór air agus do luigh sé síos ar thaobh an bhothair chun a sgith a leigint. Thánaig sórt Fanntaise air mar bhí sé lag o ocras agus teineas agus d'fhan sé san áit ar feadh na h-oidhche.
    Go moch ar maidean bhí beirt fhear ag gabháil thart nuair do chonnaiceadar é. Bhí dheallreamh an bháis air agus bhíodar cinnte go raibh sé marbh. Do chuireadar teachtaire go Clifton i gcóir comhra agus nuair thánaig sí do chuireadar an corp isteach innte agus do thógadar í fé dhein na reilge i gcóír adhlachaidh. Nuair d' leigeadar síos í d'airigheadar fuaim ait agus d'oscaileadar an chomhra. Dóbair dóibh thuit nuair do chonnaiceadar an fear bocht agus é ag tarraingt a anáíle go maith reidh.
    Do thógadar go Clifton é díreach mar abhí sé comhra agus uile (?) thánaig biseach air agus níór tugadh aon iarracht eile é do chur no dtí go raibh sé marbh dáiríre.

    Máire Nic Eochaidh
    Radharc na Mainistreach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Eochaidh
    Gender
    Female
    Age
    10
    Address
    Killadysert, Co. Clare