Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Killadysert, Co. Clare
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 257
- XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine in Éirinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa bhliadhain 1847 do chuir riaghaltas Shasana óspidéal sealadach ar bun ar fuaidh na tíre. Bhí ceann aca san i gClifton in aice le Cill-an-Díirt agus thagadh daoine ó gach áird chuige i gcóír bidh agus leighis.Bhí fear bocht aosda ag triail chuige agus nuair a thánaig sé chomh fada le crosaire an Chalaidh thánaig tuirse an mhór air agus do luigh sé síos ar thaobh an bhothair chun a sgith a leigint. Thánaig sórt Fanntaise air mar bhí sé lag o ocras agus teineas agus d'fhan sé san áit ar feadh na h-oidhche.Go moch ar maidean bhí beirt fhear ag gabháil thart nuair do chonnaiceadar é. Bhí dheallreamh an bháis air agus bhíodar cinnte go raibh sé marbh. Do chuireadar teachtaire go Clifton i gcóir comhra agus nuair thánaig sí do chuireadar an corp isteach innte agus do thógadar í fé dhein na reilge i gcóír adhlachaidh. Nuair d' leigeadar síos í d'airigheadar fuaim ait agus d'oscaileadar an chomhra. Dóbair dóibh thuit nuair do chonnaiceadar an fear bocht agus é ag tarraingt a anáíle go maith reidh.Do thógadar go Clifton é díreach mar abhí sé comhra agus uile (?) thánaig biseach air agus níór tugadh aon iarracht eile é do chur no dtí go raibh sé marbh dáiríre.
Máire Nic Eochaidh
Radharc na Mainistreach- Bailitheoir
- Máire Nic Eochaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Killadysert, Co. Clare