School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 260
- XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine in Éirinn Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó i rith an Ghorta bhí fear na chomnaidhe in aice le Cill-an-Dísert i gCúige agus ní raibh aige ach gáirdín timcheall 1/4 acra. D'fhás i mbliadhain an Ghorta D'fhás prátaí ins an ngáirdí sin chomh maith agus a bhfeaca tú riamh. Is iongantach an méid prátaí abhí aige. Do chuir se íád isteach i bpoll doimhin agus dubhairt sé leis féín go bhfághfadh sé ann iad go bhfuigheadh sé luach maith ortha ins an margadh. Bhí an luach ag árdú o lá go lá agus fé dheire bhí sé sáta agus do dhíol sé iad ar luach mhaith. Níór thug sé fiú buiacéád prátaí amhain mar déirc mar bhí a chroidhe ins an airgead.An bhliadhain 'na dhiaidh sin d'fhás barra maith arís ins an ngáirdí ceadna. Bhíodar go h-álainn i Mí na Feabhra. Nuair d'fheac sé ortha arís coithcigheas 'na dhiaidh sin bhíodar go léír lobhtha ar an dtalamh. Annsan bhí sé féin agus a chlann chomh bocht le h-éinne fa chomharsanacht. B'éígin dóíbh dul go tig na mbocht i gCill Ruis áit a fuaireadar go léir bás.Deirtear go raibh na mílte daoine ag fagháíl báis an t-am sin ón ngorta agus ón bhfiabhras. Cuireadh a lán daoine gach lá ó thigh na mbocht i gCill-Ruais. Deirtear na raibh ins an dtigh ach aon comhra amhain, go raibh barrai i mbun na comhra sin i dtreó is go bhfeadfaidí an bun do leigint síos os cionn an phuill dhoimhin. Annsan(continues on next page)
- Collector
- Cáitlín Ní Ginnáin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Killadysert, Co. Clare
- Informant
- Séamus Ó Ginnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Killadysert, Co. Clare