School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó riamh in am na bpéin dlighthe i n-Éirinn ní raibh aon teampall ann acht bothain déanta as dóib buidhe. Do chuaidh na daoine go dtí an t-Aifreann in áiteanna uaigneacha in a raibh gleannta do ghnáth agus da cnoc timcheall ortha. Tógadh altóir i ngleann agus leac ar a bárr. Gach Domhnach do léigheadh an sagart an t-Aifreann i gcóir na ndaoine. Ar bhárr an da gcnoc do bhíodh daoine eile ag faire ar na saighdiúiri gallda.Tá altóir i mBaile Léana fós i bhfuirm leaca. Tá sí suidhte in ár ubhall ghort. Aon Domhnac nuair a bhí na daoine cruinnighthe i gcóir an Aifrinn ní raibh an sagart taghtha fós. Do bhí sagart darbh ainm an t-athair (-) ag dul thart. Bhí sé tar-éis teacht abhaile ó choláiste i mór roinn na h-Eorpa. Do ghlaoidheadar air agus d'iarradar air an t-Aifreann do léigheamh. Nuair a bhí culaidh an Aifrinn air thánaig an cead sagart agus do bhain sé culaidh an Aifrinn de shagart eile.(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní An Ríogh
- Gender
- Female
- Address
- Ballyleaan, Co. Clare
- Informant
- Bean Uí Donnealláin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 64
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Ballyleaan, Co. Clare