School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 281
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Is mó cáil a bhí ar aonach Cill an Dísirt fadó.”
(continued from previous page)moladh nidh nach iongnadh ar a ndicheall.Fé dheire le neart isluighthe ar pháirt an cheannuightheóra agus le neart tógálaighe ar pháirt an fheirmeóra deantar an margadh. Chun a theasbáint go bhfuil sé 'na marghadh, caitheann an ceannuightheóra seile ar dhearnáin a láimhe nó bhféidir buaileann sé bas an fhir eile len a bhais féin. Annsan tugtar airgead cun ratha le gach beithidheach a díoltar. Do réir luaigh na mbeithidheach rael i gcóir gach puínt do ghnáth. Annsan gearrann an ceannuightheóir marc le siosúr ar fionnadh an ainmidhe cun é do mharcáil. Tugtar an braighdean le buin nuair a díoltar í. B'éigin do na ceannuightheóirí custum do dhíol as gach beithidheach rael i gcóir buin agus caorac agus leath rael i góir gach muca. Díoltar an cústum do sealbhatóir páirce an aonaig. Annsan beirtear na beitidheach amach as an aonach i ngluaisteán mhórBíonn dhá aonach deag ag siubhail i gCill-an-Dísirt, ceann gach mí. Is é aonach na Bealtaine an t-aonach is ó fadó riamh. Ní theídheadh na daoine a coladh in-aon-chor an oidhche roimh ré; bhídís ag siubhail na Sráide go breachadh an lae. Nuair a tosnuigheadh an t-aonach(continues on next page)- Collector
- Ita Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Crovraghan, Co. Clare
- Informant
- Pádraig Mac Garraí
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Crovraghan, Co. Clare