Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_006
- XML “Tráchtas - Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirtear fataí ar an bhfeirm gach bliain sa mbaile. Is iad na fir a ullmhuigheann an talamh i gcóir na bhfataí gach blaidhain. Cuirtear sean leasú ar an talamh ar dtús agus is é an rud sean leasú ná feamainn thirm agus cuirtear í ar an talamh sul má chuirtear aon síol ann. Annsin déantar iomairí le spáid agus is le spáid agus is le spáid a dhéantar iad mar níl aon chéacht ins an oileán mar tá na páirceanna ró chumaing agus ní fhéadfaí oibriú ann le céacht. Is as Gaillimh a fhághtar na spáideanna mar níl siad dhá ndíol annseo.
Geibheann na daoine cliath fataí le haghaidh síolta agus gearrann siad na fataí a mbíonn súile ortha agus sceaibhín a thugtar ar an bpíosa don fhata a chaitheann siad uatha. Tugtar na sceaibhíní sin do na muca agus dos na beithidhigh. Fágtar na síolta annsin cúpla lá le go seargadh siad. Fághann na daoine maide sáighte agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Coincheannain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. Galway