Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 07_004
- XML “Mo Cheantar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé fein 'mo chomhnuidhe ar Bhaile an Bhóthair, Inismeadhoin. Tá trí sgór tighthe ann anois. Tá tighthe slinn agus tighthe tuighe ann.
Fhátarthaigh is coitchianta ann. Sé an fáth go baisteadh an t-ainm sin ar Bhaile an Bhóthair mar tá bóthair treasna ann, agus Baile an teampaill mar deirtear go raibh teampaill ann fadó agus deanamh séipeal de agus séipeal atá ann anois. Baile an Dúna mar tá dun i ndar dó agus deirtear gurbe an fát sin go tughtha Baile an Dúna air. Baile na Seogeach mar deirtear go be sloinneadh seoigeach is coitcianta a biod ann fadó agus cinn an bhaile mar is é an baile is fuide siar é.
Tá timcheall dha sgór sean daoine ós cíonn 70 bliain in Inismeadhon. Is feidir leo scéalta in Gaedilg agus i MBéarla a innsint. Tá go leor fotrach tighthe ann. Ba ghnáthach le go leór daoine dul go h_Aimeirice ó'n áit.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Fháthartaigh
- Inscne
- Baineann