Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá loch i measg na gcnoc i nGleann-Garbh, loch breá[?] iseadh é, Loch na h[?] an aimn ata air.
    Deirtear go bhfuil Caisleán breagh istigh san loch agus go bhfuil feirm ann leis. Sé an loch is mó sa Ceathain é. Tá leath an locha dubh mar ní thaithneann an ghrían ann ó Lá Samhna go Lá Bealtaíne. Tá failleacha ós cíonn na locha agus is é an ainm atá ortha na na failleacha dúbha.
    Bhí fear ag baint arair ann uair amháin agus d'fhan sé ann tamall na h-oidhche. Bhí sé ag imtheacht abháile nuair a chonnaic sé dhá chean déagh de bhá dubha agus tarbh ag teacht amach as an loch. Tháinig ana uaigneas air, taréis tamaill do chualaidh sé glaodhach coilig trí uaíre Do chaít sé uaidh an arair agus do rith sé abháile chómh mear is a bhí sé na chósa. Tháinig na comharsain[?] isteach ag sghuraidheacht nó ag imirt cártaí mar bá ghnáth. Nuair a bhíodhar tamhall istigh. Do thosnuigh an fear ag innsint a scéil dóibh agus bhíodar ag magadh fé.
    Timcheall a deich a clogh san oidhche do bualadh cnag ar an ndoras agus tháinig bean ruadh isteach. Ní raibh aithne ag aoínne uirthi. Lúigh sí isteach chun cluithe cártaí d'imirt. Tháinig sgannradh ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Urdail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Péig Bean Ní Urdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí