School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 010
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó duine go bhfuil easnamh airgid air agus deirtear go bhfuil mórán dhe i bhfolac fé sceich ghil i bhFuircéill. Do chómnuig fear ann fadó agus oidhche amháin do bhuail bean sídhe isteach chuige agus dubhairt sí "Tá truagh agam duit i dtaobh tú bheith cómh bocht agus an t-airgead go léir a bheith chómh gar duit" Tá sceach-geal ag fás sa gháirdín sin thuas agus téighir ann le h-eirighe gréine amáireach. Tabhair leat rán agus bain amach an chloc atá fé bhun an chrainn. Coimeád do shúile ar do chuid oibhre i gcomhnuidhe. I gcionn tamaill tiocfaidh gadhairín beag donn amach as an bpoll. Do dhéin an fear amhlaidh agus ní raibh sé a bhfad ag cuardach nuair a léím an gadhairín amach chuige. Nách deas an gadhairín tusa ar seisean. Ní deise mé ná an gadhairin atá laistir díot, arsan gadhairín. D'feach an fear mórthímpeall agus ní fheaca sé aon nídh. Nuair d'feach sé ar a chuid oibhre arís ní raibh an acht scairt drisleach. Deirtear go thrial sé go minic ina dhiaidh sin, acht do theip air(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní hUardail
- Gender
- Female
- Address
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Informant
- Míceál Ua Uarrdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí