Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 017
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i mBeanntaighe agus bhí sé ag teacht abhaile ón aonach agus bhí an oidhche ag tuitim. Chuaidh sé fé dhéin sgiobóil chun fanúint ann go maidin. Taréis tamaill chuaidh na gadhair anáirde ar an sgioból. Tháinig eagla ar an bhfear agus rith sé uatha. Connaic sé solas tamall uaidh agus chuaidh sé in a threó. Nuair a tháinig sé go dtí an solas chonnaic sé gur tig a bhí ann. Chúaidh sé isteach agus bhí fear sínte amach marbh ar an raca agus bhí bean ag obair ar fúaidh an úrláir. Do cúaidh an fear ar a ghlúnaibh agus do ghuidh sé ar an duine marbh. Annsan do shuidh sé i leath taoibh agus tháinig fear eile isteach agus do bhagair sé air an bhean agus chúadar araon síos sa phárlus ag ól. Fé dheire d'éirig an fear a bhí marbh agus dúbhairt sé leis an bhfear a tháinig isteach ar dtúis gan aon sgamhnra a bheith air agus do bheir sé ar an túagh a bhí fé'n raca. Do rith sé síos(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Conchubhar Ua Uardail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Uardail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí