Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 118
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceatharar aca báidhte rómpa agus an beirt eile i gcrúchás istig sa bád agus na túinntaca á gclúdhach. Thosnuig an triúr fear ag glaodhach agus ag feadaoil agus ba ghearr go raibh fir Facha agus Tráchfrasc chúcha ach ní raibh aon mhaith ann mar ní raibh aon bhád le fághail in gioracht mhile dhóibh agus bhí an beirt fhear i gcómhnuidhe san bad agus in contabhart bheith báidhte. Fe dheire tháinig fear ó Tráchfrásc gurab ainm dó Marcas Ó Dúnaoí agus léim sé cun charraighe a bhí tamail ón dtalamh agus d'iarr sé ar na fir a bhí san bád téad a chaitheamh chuige Chaitheadar cuighe an téad agus thug Marcas ceann na téada dos na fir a bhí ar an dtalamh agus thug sé leis amach ceann dos na fir agus dhein sé an cleas céadhna leis an trana dhuine. Ní rabhadar as an mbád cuig nóimeatí nuair a briseadh an bád ar na failleacha.
- Tímcheall le dachad bliadhain ó shin bhí triúr fear ó Doire an Chairn agus fear ón ghCúiléaraig ag obair i mbád gainimh. Triúr do mhuinntir Shúilleabháin agus duine de mhuinntir Cruadhlaoich a bhí ann.
Bhídís ag tógaint gainimh le h-ais oileán Ghairnais agus á cur go Béaláthalice. An lá áirthe seo nuair a bhíodar ag teacht thar n-ais tháinig síde cómhartha díreach agus iad lasmuigh de'n gCrúleanaig gan aoinne léi agus bhuail sí an seól agus d'iompuigheadh an bád. Cé gur lá breágh Fóghmhair a b'eadh é do bádhabh an ceathrar.
Bhí ráfla ar siúbhal go dtáinig duine acu isteach chun Oileán Béara agus maide-rádh 'na lámh aige- Bailitheoir
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ua Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí