Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 052
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag díol bó i nGleann Garbh uair. Bó ana breagh a b'eadh í agus bhí úth breagh bainne aici. Tháinig fear 'ghá cheannach d'iarraidh sé ar an bhfear an raibh aon locht uirthí. Thug sé beirt fear ag féachaint uirtí chun d'fhagail amach an raibh aon locht uirtí mar bhí iongnadh ortha an bhó bheith ag díol chómh saor. D'iarraidh na fir air airis an raibh aon locht uirthí agus dubhairt sé Ó níl a micó acht nuair a itheann sí a dóthain ólann sí deoch ní h-aon locht é sín arsan fear agus thúg sé abháile í. An lá ina dhiaid sin nuair a chuaidh an bhó amach sa phairc agus nuair a bhí a dóthain ithte aicí luígh sí sios agus d'ól a baínne feín. Nuair a tháinig an bhó abháile [?]istoidhche ní raibh aon bhraon baínne aicí do chuimhnigh sé ar an locht a bhí ar an mbúin.
Bhí sé ag triall an dlighe chur air ach dubhairt an fear leis gur innis sé an locht a bhí uirthí ós comhair an aonaig. "Nuair a itheann sí a dóthain olann sí deoch."- Bailitheoir
- Sígle Ní Urdail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Péig Bean Ní Urdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí