Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba gháthach an rud é fadó d'ár sinnsear bheith ag dul ag baint prátaí gach aon bhlíadhan. Ní bhíodh aon glúaistán no rothar acu an uair sin acht bheith ag siubhal an bhóthair. Is i gCorcaig ó thuaidh a bhíodh síad ag baint an uair san. Tógadh sé dhá lá siubhal úatha sar a bheadh siad ann. Do bhíodh naoi nó deich bhfear ann 'gá bhaint. Do bhí fear ann dara b'ainm Sean Ua Díl. Nuair a bhí sé ag teacht súas leis na daoine eile, d'imthig sé as an mbóthar. Nuair a bhí sé ag teacht do bhí an oidhche ag tuitim air. Nuair a bhí sé tamall de'n bhóthar, do chonnaic sé capall ar thaobh an bhóthair. Do bhreith sé ar a mong, agus do chuaidh sé ar marcuidheact air. Annsan d'imtig an capall ar shodar. Ní fada gur chuaidh sé thar na dhaoine eile agus é ag gáiraidhe. Níor stad an capall olc nó maith go dtí gur chuaidh sé go dtí an dorus. Ní leigheadh sé síos é. Do rith sé tharnais airis go dtí an áit a cuaidh an fear ag marcúideacht. Do leig sé síos annsan é. Do shiubhal sé tharnais an lá in a dhiaidh agus é go tuirseach tinn brónach. Capall sidhe do b'eadh é sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Uá Súileabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí