School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 038
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus sé an ainm a bhí uirthe ná Cailleac na Gadhaile. Bean ana mhór ab'eadh í agus bhí sí ana láidir chómh maith. Raghadh sí go Faoide go minic agus tugadh sí léi meadhbhán agus rudaí eile le n'ithe di féin agus cuireadh sí iad i bhfolach sa phlúais.
Aon lá amháin núair a tháinig sí ó Faoide bhí ar meadhbhán agus na rudaí eile a bhí i dtáisce aice bhíodhar go léir imighthe as an dtig agus bhí ionghnadh[?] uirthe cá rabhadar imighthe. Aon la amháin thug sí portán ó Faoide agus cuir sí í á bhfeidhil an phluais an fhad a bhí sí féin i bhFaoide. An lá ceadhna do bheir an portán ar firín beag agus coimeád an portán é go d'táinig an Chailleach. Núair a chonnaic an Chailleac an fear dúbhairt sí "A phortán geal gléigeal is fearr droch fhear ná beith 'na eaghmais."
Lá amháin cuir sí an fear go Faoide ag log rud éigin agus bhí sé ag siúbhal trí lá agus trí oidhche Núair a tháinig sé thar-nais bhí sí ar buille chuige agus dúbhairt sí leis féachaint uithe féin agus thug sí aon coiscéim ó barr gadhail go Faoide Tá dán beag mar gheall uirthe
Meadhbhán fíor ghlan ó Fhaoide
Ar duilisg ó Conntaé an Clár
Ar breac ó gleann a dtúaid aice
Ar creabhair ó mullac Méis.- Collector
- Peig Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Informant
- Sean O Súileabháin
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí