Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 112
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig bliadhan in Éirinn fadó nár fhás aon phráta agus mar gheall ar sin thánig uireasba ar na daoine an tÉarrach san agus fúair mórán aca bás le hocras agus le haicíd. Bhí bean in Uarlamán Tráfraisc 'na cómhnuighe agus fuair mac léi bás le galar nú le hocras. Bhí sé hocht blíadhna déag d'aois. Do chuir an mháthair bocht an corp ar a drom agus thug sí léi go dtí an cillíneach é agus do chuir sí ann é slán mar a nínnster é. Tímcheall an tam san bíodh deatuighe dá bailiúgheadh. Sé sin caithfadh na daoine an ceathrúghadh punnan dá choirce agus an ceathrúghadh punna dá cruithneact agus an ceathrúghadh cuidh dá prataí d'fhásfadh sa pháirc a thabhairt do Sasana mar a deir an sean fhocal "Cíos don Tighearna nó bíadh don leanbh".
- Tímpeall deich mbliadhna ó shoin bhí beirt buachaillí óga i bhFuircéil Gleann Garbh agus sé an ainm a bhí ortha ná Domhnal Ó Súileamhá agus Mícheál Ó Coingaile. Bhiodh siad ag iascaireacht i gcomhnuidhe. Chuaidh said amach lá ana gharbh agus bhí gálaí troma ann agus d'iompuigheadh an bád agus báthadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Loingsig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsig
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí