Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí 'na cómhnuighe ar an dtaobh[?] thúaidh de Gadhail. Spúncaire ab eadh í. Ní raibh de chloinne aici acht aon mhac amháin agus sé an ainm a bhí air ná Seán. Raghadh anh búachaill bocht amac gach mhaidean ag gearradh scatháin a bhíodh madaí móra ramhra[?] fútha. Tugadh sé na scatháin chun a mháthair agus díoladh sise iad ar an margadh i nGleann-Garbh mar bhí dúil ag gach duine ortha an t-am san.
Bhí stoca óir ag an t-sean-bhean i bhfolac in áir ins na bfrachacha acht ní thógfadh sí pingin rúadh as mar bhí sí ró dochalach. Ní raibh fhios ag duine beó go raibh an t-airgead aice acht í féin agus fear des na cómharsanaibh. Bhí an fear san ana glic agus thagadh[?] sé isteach gach oidhche ag scoiréacht cúcha.
Aon oidhche amháin bhí mac an t-sean-bean as bhaile tháinig an fear isteach mar ba gnáth leis. Bhí biorán súair ag an bhfear do shách sé an biorán na chean agus tháinig caom codhladh uirthe.
Bí fhios ag an bhfear go maith cá raibh an t-ór chúaidh sé ináirde sa locta agus fúair sé an stoca agus thóg sé leis é
Tháinig an mac abhaile núair a bí an fear imighe. Bhí ionghadh an domhain air cad a chuir amac dá mháthair. Chuaid sé anonn cuiche d'feac sé uirthe agus thóg sé fé ndeara an biorán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Sean O Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí