Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 028
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt buachaillí ag teacht abhaile ó'n aonach agus bhí beithidhig ceannuighthe acu. Dubhairt ceann acu leis an duine eile, "Tabhair dom ceann des na beithidhig agus beidh dhá úaire níos mó agam ort. "Ní h-eadh arsan buachaill eile acht tabhair dom ceann des na beithideach atá agut-sa agus beimíd mar a chéile. An mó beithidhig a bhí ag gach buachaill ag teacht abhaile ó'n aonach?
Freagra: 5 beithidhig ag duine acu agus 7 ag an duine eile. Cad é an taobh d'en chupán atá an chlúas?
Freagra: Ar an taobh amuich.Banríoghan Shasana agus Rí Spáine casadh iad ar a chéile tráth. Cuireadh isteach i mála iad is ceangealadh iad le córda. Dá fhreagrótha é sin cuirfhinn fáinne óir id mhéar.
Freagra: PinginCunas atá fear mar a chéile le luch?
Freagra - Bíonn an fear i gcomhnuidhe ag triall chun poll dorcha d'fhágail agus bíonn an luch ag tríall chun poll dorcha d'fhágail leis.Cad é an fear a dhein turas an domhain ar dtúis?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Mathghamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí