Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 117
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ós cionn triochadh bliadhain ó shin bhí bád tar éis teacht abhaile ó mBeanntraighe go dtí cé Doireanchairn.
Nuair a bhí an stuif go léir curtha amach as an mbád do thuit caillín óg darabh ainm di Brighid Ní Chruadhlaoich, Leith-choill, ón dtalamh sa bhfairrge.
Bhí cliabhán 'na láimh aici agus dá bharr san d'fan sí ag snámh. Léim fear eile darabh ainm dó Peadar Ua Chruadhlaoich amach in a diaidh chun í sábhail. Do theip air agus bádhfí an beirt mura mbheadh mo sheana-athair Micheál Ua Cruadhlaoich a thug maide rádh dhóibh. Do rugadar ag an maide rádh agus séo iad araon isteach go talamh. - Timpeall seacht mbliain ó shin bhí bád tráléir ag iasgairacht i mBádh mBeanntraighe agus aon oidhche amháin tháinig sí isteach chun bheith ag iasgaireacht i mbun Facha. Bhí an oidhche ana dhorca agus bhí stoirm ann. Thánadar ró cómhgarach chun tailimh agus do chuaidh an bád suas ar charraig. Thosnuigheadar ag screaduig agus ag screaduig agus bhí triúr fear ag teacht ó bheit ag imirt cártaí agus do chúaladar iad agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Shúileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí