Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 167
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, nuair a bhí na tiagharnaí talmhan in Éirinn bhí beirt fhear ag treabhadh i bpáirc tímcheall na h-áite seo in aice áite ina raibh agus ina bhfuil fós cromleac mhór.
Bhíodar ag treabhadh leó, pé in Éirinn é, agus nuair a bhí an páirc geall leis criochnuighthe agus an tráthnóna ag deunamh ortha, cad a eirigheadh leis an bhfód a bhí á threabhadh aca ach, práisléad breágh luachmhar agus an ghrian ag gliniúint ar an ór a bhí ann.
Gan dabht, bhí ana áthas ar na fearaibh ach ní raibh sé ortha nuair a chuimhígheadar orta féin
An uair sin bhí eagla a gcroidhe ar na daoine. Ar eagla go bhfaigheadh tíghearna talmhan na h-áite amach go bhfuaireadar é chuadar chuige ar lán tsiubhal agus thugadar do é. Ghaibh sé a bhuidheachas leó. Bhí nasc an phráisléad briste ach do cuireadh ceann nua isteach ann agus do díoladh ar chúpla míle púnt é.- Bailitheoir
- Celestín Ua Ceócháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí