Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timceall leath mhíle ar an dtaobh thiar den scoil seo tá cabhlach sean thighe. Annsan iseadh chómhnuig Seumas Ua Laoghaire, nó Seumas Gaedhalach mar a tugtaí i gcómhnuidhe air. Fuair sé bás ann timceall leath ceud blian ó shoin i naois ceud agus a sé blian. Thugadh sé puntar móna ar a dhrom ón bport leis gach aon lá go dtí lá a bháis.
Ní raibh aon scannradh acht an rith a bhí ag Seumas Is mó sceul a bhí ag na seandaoine i dtaobh a luais acht is ró bhaoghal na rabhadar go léir fior. Seo ceann acu.
Tháinig an fiolar go iothlainn Sheumais maidin Shamhraidh agus dhein an oiread san glór agus fothram agus dá mba tóirneach a bheadh ag tuitim agus mara thuit an tóirneach, do thuit rud éigin eile, go saoraidh Dia sinn. Do thuit bean a tighe i laigidheacht nuair dairig sí an fothram uathbhásach. D'feuch Seumas amach "hAnam an riadhach" ar seisean "sé an fiolar é agus mo lacha bán aonar ina ghob aige", agus dob fhior do, do bhí.
Deirig an fiolar agus greim docht aige ar mhuinéal na lachan báine agus seo ar nós sidhe gaoithe é fé dhein na nidhe. As go brách le Seumas na dhiaidh, agus gan air acht seana bhríste is léine agus geallaisí ceangailte tímcheall a chuim. Nuair a bhí cúpla míle curta dhíobh acu bhí an fiolar geall leis leath mhíle thuas sa spéir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ua hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí