Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Inse na gCeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tár éis teacht abhaile ó Thír na n-Óg do Oisín bhí sé na sheanduine crionna dall. Bhí cú aige agus lá amháin bhí coileáin óga aici. Do theastuig ó Oisín a fhághail amach cioca díobh ab fhearr.
    Do chaith sé croicean in áirde ar an dtig. An taobh istig de a bhí sleamhain iseadh a fhág sé amuigh. Rug sé ar cheann des na coileáin agus chaith sé in áirde ar an gcroiceann é. Ní fheadfhadh sé greim a fhághail ar an gcoiceann mar bhí sé ró shleamhain agus do thuit sé ar an dtalamh. Bé an sgeal ceadhna é go dtí gur caitheadh an coileán deirinneach anáirde.
    Pé shilighe inar dhein sé é fuair sé greim ar an gcroiceann agus bhí áthas ar Oisín. Do choimeadh sé se an coileán agus agus sé an ainm a bhí air ná Aill.
    Lá amháin bhí Oisín ag fiadhach tímcheall na h-áite seó agus bhí Aill le na chois. Tháinig cun mór a bhíodh ag creachadh na h-áite an treó. Dairig Oisín é agus chuir sé Aill 'na dhiaidh. Bhí Aill ag troid cúpa lá leis agus ní fheadfhadh sé buadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Inse na gCeann, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Celestín Ua Ceócháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Ceócháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí