Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 288
  3. XML “Fear a Ghoid Bó ó Naomh Gobnait”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear na chómhnaidhe fadó ar an dtaobh thuaidh de Chnoc Buidhe i gCiarraighe. Ar thaobh Bóthair Léim an tSagairt bhí a bothán suidhte. Gadaidhe a beadh é agus dheineadh sé aithris ar an mada-ruadh sa ghaduidheacht mar is annamh a dheineadh sé aon chreacha timcheall a áite fein, bfhearr leis abhfad imtheacht go áit iasachta chun fuadach.
    Uair amháin thug sé a aghaidh soir go Baile Mhúirne agus ghoid sé an taon bhó amháin a bhí ag Naomh Gobnait. Ar a shligh abhaile dho agus an bhó ar théid aige bhí sé ag dul ó thuaidh treasna Bóthar na Léime. Nuair bhí sé i ngiorracht dhá mhíle dhá bhaile tháinig sé go áit na raibh leacht lom shleamhain treasna an bhóthair. Nuair a chuir sé a chos ar an lic chuaidh se sios tríthe díreach mar a raghadh dá mbadh glóthach a bheadh ann. Gach iarracht a dheineadh sé ar é fein do tharrac is amhlaidh a theidheadh sé nios doimhne sa lic. D'fhan sé ann go dtáinig fear chuige a bhí ag teacht abhaile ó Neidín. Dinnis an fear a bhí greamuighthe a sceul do, do dhein an fear so gach a bhí ar a chumas é scaoileadh acht theip air. Chuaidh sé dos na tighthe ba chómhngaraí dho chun cabhair d'fhaghail. Ar theacht na cabhrach ní raibh tuairisg an fhir ná na bó rómpa acht bhí bróg sáidhte go daingean sa lic. Ní fheachathas an gaduidhe riamh ó shoin acht tá rian a bhróige le feiscint fós sa lic. Do shrois an bhó Baile Mhúirne i lár an laé na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Ceochain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí