Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Léamh an Aifrinn sa Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó sa t-sean shaoghal ba mhór an ghníomh é an t-Aifreann do rádh. Bhí airgead gealltha ar cheann sagairt agus dá shon san do chaithfhidís an t-Aifreann do rádh i ngleannta uaigneacha agus i mballaibh dorcha.
    Tímcheall na h-áite seo is i nDoire na Cille, tímcheall dhá mhíle ón scoil seo le h-ais bóthar Léim an t-Sagairt a bhí an t-Aifreann ghá rádh. Tá roilig san áit sin. Cilíneach iseadh é agus tá daoine óga agus críonna curtha ann. Tá inead gearrtha amach i gcairrig i gcóir na h-uisge coisrithe, agus tá sé ann an lá indiu cómh maith agus an lá gearradh é. Bhí an t-Aifreann ráidhte le h-ais na cairrige sin go minic agus is mó leanbh a baisteadh ann. Do thagadh daoine ó gach baile chun an t-Aifreann d'éisteacht ann, agus bíodh duine nó beirt ag deanamh spiaireacht ar eagla go dtiochfadh an namhad ortha ach níor rugadh riamh ortha.
    Bliadhanta na dhiaidh sin do bhí an t-Aifreann ghá rádh i nDrom Dubh tímcheall dha mhíle ar an dtaobh shoir de'n scoil seo. Nuair bhíodh sé léighte annsan ag an sagart do théigheadh sé go Árd na dTuras, tímcheall trí míle ar an dtaobh thiar de'n scoil seo chun é rádh annsan. Taobh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí