Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 333
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Gol na mná gol le gaoith...

    Gol na mná gol le gaoith
    Gol an ghaoil mar an sruth
    Gol an dritheár go dtí an cnámh
    Gol na máthar go dtí an smior.
    Seán sa Mhainistir agus gnó sa bhaile aige.
    Tá dá láir ruadha ar bhruach an mhóinteáin
    Tá láir acu níos ruadha ná an ruadh láir
    Sé deir an láir ruadh leis an ruadh láir
    Preit, a láir ruadh tar abhaile a ruadh láir.
    Adú teine ar loch nó caitheamh cloch i gcoinnibh beul an chuain.
    Is oth liom Domhnach gan dinnéar
    Is oth liom scléip ar chaille
    Is oth liom bean sgiomallach neamh-bhláthmhar
    Is is oth liom amadán mná amuigh ná i mbaile.
    Comhairle thabhairt do mhnaoi buirb no buille ribe ar iarann fuar.
    Is olc an aimsear í arsan caitín,
    Nuair a theidheann an bainne sa chómhrainn,
    Beidh sí nios measa arsan seana chat,
    Nuair ná beidh sé ann in aon chor.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge