School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é tuairm a lán dhaoine go raibh ór curtha i bhfolach fadó i n-oileán bheag i lár an locha. Bhí sé ráídhte aon uair go bhfuigheadh duine an t-ór ach dul go dtí an t-oileán Dia Domhnaigh idir an chéad aifrinn agus an dara aifrinn i gCill-an-Dísirt.D'airigh triúir buachaillí an sceál seo o bhíodar an óg agus fe dheire do chuireadar rómpa firinne an scéil do dheimhnú agus cuairt a thabhairt chuig an oileán an chéad Domhnach eile. Do leig duine aca da mhathair go raibh sé ag dul ag lámhach agus do thgu sé agus thug sé an guna abhí os cionn na teine leis. Do theagmhaigh sé an bheirt eile ag an gcrois agus rán agus sluasad aca i gcóír na h-oibre abhí idir láimh aca.Ramhaigheadar go dtí an t-oileán. Ag teacht i dtír dóibh do leigeadar an guna go h-aireach ar an dtalamh agus annsan bhíodar ag réidhteach cár ba ceart dóibh a thosnughadh. Bhí an guna ós a comhair, i bhfuidhnaise na bhfear go léir agus gan rud a chur isteach air. Scaoileadh urchar leis go h-obann gan lámh duine na daonaí a theacht i ngar do. Thanaig scannradh ar na buachaillibh agus d'imthigheadar abhaile go tapaidh.
Micheál Ó Cathasaigh
Lis Cormac5) I Sean-Cúl ait a chaith sé a shaoghal gur phós sé- Informant
- Micheál Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir