School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 7) Is mo scéal a innistear mar gheall ar Thomás Fada dhein fear taidhbhreamh aon uair. Dubhradh leis go riabh tigh Thomáis déanta as brícíbh agus gurabh fhuiriste iarsmaí an tighe sin d'fhaghail. Bhí sé ráidhte ins an dtaidhbhreamh go raibh boc gabhar agus madra mór ag coimeád an óír abhí le fagháíl ann. Tugadh comhairle do dul go tigh na mbrící uair an mheadhon oidhche nuair a bheadh na h-ainmhidhthe 'na gcodladh. Dá ndúiseochadh siad agus é ag obair d'íosfadís é. Do glac eagla air agus do stad sé abhaile go slán.
8) Tuairim le céad bliadhain o shoin do chomhnuigh i Leac na Sionnach sean-fhear darbh ainm (-). Do dhein sé taidhbhreamh go raibh ór i bhfolach idtigh brící abhí fé sheilbh Pelix Mac Cáirthaigh an t-am sin. Ba leis muinntear Connail (muinntear Dhomhnaill) Leac na Sionnach an t-am sin agus ba é Mac Cárrthaigh abhí mar thimthire ar an dtalamh-dísle. Bhí sé ráidhte ins an dtaidhbhreamh má is rud é go dtanaig aon duine isteach sul a raibh an t-ór 'na sheilbh teipfeadh air é d'fhagháíl in aon chor. Ar uair an mheadhon oidhche do chuaidh an sean-fhear go dtí an tigh agus lampa beag i láímh aige agus rán ar an láímh eile. Do lean sé ag rómhar go dtánaig sé go Leac Mhór. D'árduigh sé cuinne de'n lic nuair do chonnaic sé cruach mhór óír fuithi. Ar an nóimint sin d'áírigh sé ceann(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Garraí
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir