Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí toibreacha beannuighthe ins an n-oileán: 'tobar Isleamáin', 'tobar Chinn Dheirge' agus 'tobar Cheanannaigh'. Tá tobar Isleamáin suidhte in aice le claidhe gainimhe, tobar Chinn Dheirge ar thaobh do láimhe clé den bhóthar in aice an t-séipéil agus tobar Cheanannaigh i bpáirc an taobh eile den teampall. Bíonn daoine ag tabhairt turais ar thobar Chinn Dheirge go minic. Deireadh na daoine go bhfuil leigheas le fághail as tobar Chinn Dheirge. Tugann daoine turas ann an cúigeadh lá déag de Lughnasa gach bliain.
Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt an turais tógann siad seacht gclocha agus teigheann siad timcheall seacht n-uaire agus annsin teigheann siad ar a nglúinibh agus abrann siad seacht fáilte an aingil, seacht ár n-Athar agus seacht glóire don Athair. Nuair a bhíonn siad réidh ólann said deoch den uisce agus fágann siad rud éicint 'na ndiaidh ann. Deirtear gur tháinig Naomh i dtír i dtobar Isleamáin uair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe