Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_013
- XML “Tráchtas - Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iad na cluichí a imrighim ná sgreadadh, ag piocadh sméara agus cnoanna, ag déanamh púicín, ag déanamh bhfolach. Is é an chaoi a bhím ag imirt sgreadadh ná fághaim cúig chlocha bheaga agus tosnuighim ag comhaireamh ó chúig go dtí cúig is dhá fhichead. Má thuiteann aon cheann de's na sgreadadh uaim is cailleadh é sin agus caithim iad a thabhairt don chéad duine eile.
Bíonn mé ag baint sméara sa bhFoghmhar. Is ins an bhFoghmhar a bhíonns muid ag déanamh púicín mar bíonn na h-oidhcheannta fada agus is deacair iad a chaitheamh go dtí am chodhalata. Cuirtear éadach thart timcheall ar shúile duine agus bíonn an chuid eile ag rith timcheall agus ag bualadh buille ar an 'bpúicín' agus leantar mar sin nó go mbeireann an duine a mbíonn an púicín air ar duine, agus annsin cuirtear ar sin an púicín.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe