Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go mbíonn rudaí neamh-shaolta le feiceál go minic ó am go h-am san n-oileán. Seo scéal amháin a d'airigh mé ag mo athair i dtaobh sean dhuine a bhí ann fadó. Bhí sean fhear ann fadó agus bhí sé ag dul síos ag an gcladach ag bainighadh feamuinn. Ní raibh sé ach tuairim is a dó a chlog san oidhche agus ba mhinic leis éirighe chomh luath sin gach maidin i dtreo is go mbeadh an fheamainn ar fad bailighthe ag sul má d'éirigheochaidh aon duine.
Chuaidh sé síos maidin amháin sa Márta ag bailughadh feamainne mar bhí sé ag ceapadh go mbeadh go leor feamainn sa gcladach an mhaidin seo. Nuair a tháinig sé ar bharr an aill chonaic sé mada thíos ins an gcladach. Chuaidh sé síos agus níor leigfeadh an mada síos é agus b'éigin dó casadh abhaile. Bhíodh sé i breathnaigh 'na dhiaidh agus bhiíodh an mada 'na dhiaidh i gcomhnuidhe agus sa deire bhí fhios aige nár mada saoghalta a bhí ann.- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe