Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúpla bliain ó shoin bhí triúr fear ag dul amach ag iascach maidin bhreágh i dtús an Fhoghmhair. Is ag dul ag iascach balachaí a bhíodar agus chonnacadar bean istigh i dtír thíos ag áit an craibhín? . Micil Ó Conghaile, Micil Ó Fátharthaigh agus Micil Ó Flaithearthaigh na h-ainmneacha a bhí ortha. Ní dheachaigh siad amach ag iascach an mhaidin sin chor ar bith ach tháinig siad isteach san áit a raibh an bhean. Bhí faitchíos ortha nuair a chonaic siad í agus thugadar suas í ón taoille agus annsin tháinig siad abhaile agus d'innis siad é agus chuaidh go leor daoine síos ag breathnuigh uirrí agus ag cur paidir le na h-anam. Chuaidh an fhuireann go Cill Rónáin ag na Gardaí agus bhí faitchíos ortha annsin go b'as Cill Éanna an bhean. Tháinig na Gardaí aniar agus go leor daoine eile agus thugadar leob í agus bhí siad ag ceapadh gurbh amhalidh a bhí sí ag baint creathnach le n-ithe agus gur thuit sí sa bhfairrge. Bhí rástaí i gCill Mhuirbhigh cúpla bliain ó shoin agus chuaidh triúr daoine as(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe