Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_031
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí mac aige. Ní raibh duine ar bith sa teach ach é féin agus a mhac. I gConamara seadh bhí sé 'na chomhnaidhe. Lá amháin bhí an mac a' tógáil claidhe le h-ais an tighe. Tháinig an t-athair go dtí é agus dubhairt sé leis gan é a thógáil. Dubhairt sé go ndéanfadh sé é. Thosaigh an bheirt aca ag troid. Mhairbh ? an mac an t-athair. Cuireadh é agus cúpla lá 'na dhiaidh sin tháinig trí sidheoga ar cuaird chuige. Dubhairt siad leis go raibh coir déanta aige agus go gcaithfeadh siad é a thabhairt go dtí an rí. Rith sé suas sa simléar agus cuireadh suas ina bharr é. Tháinig Garda isteach agus d'innis na sidheoga don Gharda an rud a bhí déanta. Dubhairt an Garda leis na sidheoga breith ar cheann eile agus é ' chrochadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhláithbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe