Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé ariamh gur leighiseadh aon duine in aon cheann aca. Bíonn cuid de na daoine ann a ólann uisge as an tobar. Fágann na daoine a théigeann ann rudaí beannuighthe ann. Bíonn siad leagtha ar na craobha beaga atá ann. Tugann daoine an t-uisge abhaile leo.
Dara Ó Conghaile - 31adh Márta 1938
Rudaí Neamh-Shaoghalta
Bíonn daoine a rádh go bhfacadh daoine a bhí ag teacht ó iasgach bád mór ar an bhfairrge tamall gearr uatha agus do bhí siad ag dul go dtí í agus do ghabhadh sí faoi uisge. Nuair a bhí siad ag dul isteach do bhíodh an bád le feiceál aca ag dul faoi uisge agus ag éirghe ar bhárr an uisge. Oidhche amháin fadó bhí fear ag teacht ó chuairt agus do rug na sidheóga air agus dubhairt siad leis go marochadh siad é agus dubhairt sé gur chuma leis. Mar sin féin ní dhéarna siad aon nídh air an(leanann ar an chéad leathanach eile)