Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_019](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002C%2FCBES_0002C_02%2FCBES_0002C_02_019.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_019
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_019
- XML “Lá Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag cur síolta i gcóir na bliadhna. Dubhairt Naomh Brighde fadó gach 'ra lá óm' lá-sa amach" agus dubhairt Pádhraic go mbheadh gach lá ó ná lá féin amach go bhreágh. Oidhche Brighde ba cheart do gach duine crosóg a dhéanamh agus í a chur suas ar bhalla an tighe. Is le dhá chipín adhmaid a bhíonn an chrosóg déanta. Deirtear gur dhubhairt na sean-daoine dá mbeadh Lá Fhéil' Brighde garbh, go mbheadh an bhliadhain ar fad go bhreagh. Bíonn na cailíní ag imteacht le brighdeóig oidhche Brighde i n-onóir dhí. Bíonn na laetheanna ag dul i bhfaid agus na h-oidhcheanna ag dul i ngiorracht. Bíonn na daoine ag tógáil faochain agus bairnigh Lá Fhéil' Brighde mar deirtear gur ceart do gach teach iasg beo a thabhairt isteach an lá sin. Tuiteann Lá Brighde ar an gcéad lá de Feabhra gach bliadhain. Ní bíonn na daoine ag dhéanamh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann