Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_037](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002C%2FCBES_0002C_02%2FCBES_0002C_02_037.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_037
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_037
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an doras. Dóscail fear é. Dubhairt Seán leis gur ag dul go dtí an sliabh a bí sé ar lorg caorach. Dubhairt an fear leis go dthiocfadh sé féin éinfeacht leis. D'imthigh an bheirt aca leo annsin agus do tháinig siad go dtí an sliabh an áit a raibh na gcaoirigh. Do chonnach an buachaill a cuid caorach féin annsin agus d'imthigh leis. 'Sé an bhóthar a thug sé air ná bóthar a bhí sa sliabh. Do bhí sé tamhall maith siubhal agus do bhuail faithchíos é mar do chonnaic sé go leor coillte agus do bhí fatchíos air go n-ionnsuigheadh na h-ainmidhthe allta é a bhí ins na coillte d'imthigh leis annsin an bhóthar go dtí go dtáinig sé abhaile go dtí a mhathair. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh éinne sa teach. Do bhí a mháthair imthighthe amach agus nuair a tháinig sí isteach, do bhí an buachaill istigh roimpí. D'fiafruigh sí de an bhfaca sé na caoirigh agus dubhairt sé go bhfaca. Ní raibh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe