Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 02_045
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    in-éinfheacht liom agus bhéidh fhios agat" adeir sí. "Leag do chos dheas ar mo chois dheis agus leag do lámh dheas ar mo gualainn dheis" adeir an cáilín. Rinne, agus sin é an uair a connaich sé a bhean. "Ní aon fhaill slánuighthe agam-sa go bráth" a deir sí, "mar a slanuigheadh an cáilín mé." "Sé an áit a bhfuil mé ag imtheacht le sruth na h-abhann agus uisge na h-abhann ag dul in mo bhéal mar gheall ar gur bhain mé tuarastal trí ráithe do Mhac dé. Dubhairt an cáilín go raibh trí leabaidh coinnighthe ins na flaithis dí féin - leabhadh dá h-athair agus da máthair agus leabhadh dí féin. "Ní thuibhrfaidh mise leabhadh mo athar ná mo mháthar do éinne acht tiubhrfaidh mé mo leabhadh féin duith a dubhairt sí leis an mnaoi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge